Gníomhartha 10:1-48

10  Bhí i gCéasaráia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céad ar an gCathlán Iodáileach mar a thugtar air.  Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.  Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”  Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D’fhreagair an t-aingeal: “Tá d’urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.  Agus anois, cuirse fir go Iopae ag triall ar Shíomón áirithe dar comhainm Peadar.  Tá sé ar aíocht ag Síomón Súdaire a bhfuil a theach ar bhruach na farraige.”  Nuair a d’imigh an t-aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir,  d’aithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go Iopae iad.  Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí. 10  Tháinig ocras air agus fonn ite, ach fad a bhí siad ag ullmhú an bhia dó, thit támhnéal air: 11  chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mór ag teacht anuas: é crochta as na ceithre cúinní agus é á ligean anuas chun talaimh. 12  Istigh ann bhí an uile ainmhí ceathairchosach agus piast agus éanlaith an aeir. 13  Agus labhair an guth leis: “Éirigh, a Pheadair, maraigh rud éigin agus ith.” 14  “Nar lige Dia sin, a mháistir,” d’fhreagair Peadar, “mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamhghlan.” 15  Labhair an guth leis athuair: “An ní atá íonghlanta ag Dia ná tabhairse rud neamhghlan air.” 16  Tharla sé seo trí huaire agus ansin tógadh an rud ar ais in airde sa spéir. 17  Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo 18  ag glaoch agus ag fiafraí an raibh Síomón dar chomhainm Peadar ar aíocht ann. 19  Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: “Féach, tá fir do do lorg. 20  Éirigh i do shuí, gabh síos chucu agus gluais in éineacht leo. Agus ná bíodh aon cheist ort mar is mise a chuir chugat iad.” 21  Chuaigh Peadar síos chun na bhfear agus dúirt leo: “Is mise an té atá uaibh. Cad é an gnó a thug anseo sibh?” 22  D’fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.” 23  D’iarr Peadar isteach iad, dá bhrí sin, agus thug aíocht dóibh. D’éirigh sé lá arna mhárach agus d’imigh sé lena gcois agus cuid de na bráithre ó Iopae ina theannta, 24  agus bhain sé Céasaráia amach an lá dár gcionn. Bhí Coirnéilias ag feitheamh leis agus é tar éis a ghaolta agus a dhlúthchairde a ghlaoch le chéile. 25  Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d’umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó. 26  Thóg Peadar suas é áfach, á rá: “Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.” 27  Chuaigh sé isteach ag comhrá leis agus fuair sé slua mór daoine cruinnithe ann, 28  agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia domsa, áfach, gan duine mínaofa ná neamhghlan a thabhairt ar neach ar bith. 29  Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?” 30  D’fhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m’urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala. 31  ‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé. 32  Cuir fios, dá bhrí sin, go Iopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.’ 33  Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn—agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.” 34  Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile 35  ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é. 36  Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d’fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost—an té atá ina Thiarna ar chách uile. 37  Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, 38  an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. 39  Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, 40  ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, 41  ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh 42  agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. 43  Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!” 44  Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. 45  Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, 46  mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé. 47  Ansin labhair Peadar leo: “Cé a d’fhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?” 48  Agus d’ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d’iarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta.

Fonótaí