Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 10

Rialaíonn Solamh le Críonnacht

Rialaíonn Solamh le Críonnacht

Tugann Iehova eagna do Sholamh; le linn réimeas Sholaimh bíonn rath agus síocháin as cuimse ag na hIosraeilítigh

CÉN chaoi a mbeadh an saol dá mbeadh náisiún iomlán agus a rialtóir sásta géilleadh do cheannas Iehova agus a bheith umhal dá dhlíthe? Freagraíodh an cheist sin le linn réimeas 40 bliain Rí Sholaimh.

Sular bhásaigh Dáiví, cheap sé a mhac Solamh mar chomharba air. I mbrionglóid, d’iarr Iehova ar Sholamh achainí a dhéanamh air. D’iarr Solamh eagna agus tuiscint chun an pobal a rialú go ceart agus go cóir. Bhí Iehova sásta le Solamh agus bhronn sé eagna croí agus tuiscint air. Gheall Iehova dó freisin go mbeadh saibhreas, glóir agus saol fada aige ach fanacht umhal dó.

Leath cáil Sholaimh de bharr chríonnacht a bhreithiúnais. I gcás amháin bhí beirt bhan ag argóint faoi leanbh fir, gach aon duine acu ag maíomh gurbh í féin a mháthair. D’ordaigh Solamh an leanbh a ghearradh ina dhá leath agus leath an duine a thabhairt don bheirt bhan. D’aontaigh an chéad bhean leis, ach d’impigh an fíormháthair láithreach an leanbh a thabhairt don bhean eile. Ba léir do Sholamh anois gurbh í an bhean thruachroíoch máthair an pháiste agus thug sé an buachaill di. Ba ghearr gur chuala Iosrael ar fad faoin mbreithiúnas seo agus thuig siad go raibh eagna Dé i gcroí Sholaimh.

Bhí tógáil theampall Iehova in Iarúsailéim ar cheann de na móréachtaí a bhain Solamh amach—foirgneamh ollásach a bheadh mar lárionad adhradh in Iosrael. Ag insealbhú an teampaill, ghuí Solamh: “Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?”—1 Ríthe 8:27.

Scaip clú agus cáil Sholaimh go dtí tíortha eile, fiú chomh fada le Seabá san Araib. Thaisteal banríon Sheabá chun glóir agus saibhreas Sholaimh a fheiceáil agus chun a eagna a mheas. Chuaigh críonnacht Sholaimh agus saibhreas Iosrael i gcion chomh mór sin ar an mbanríon gur mhol sí Iehova as ucht rí chomh críonna le Solamh a cheapadh. Go deimhin, le beannacht Iehova, bhí réimeas Sholaimh ar an ré ba rathúla agus ba shíochánta i stair sheanIosrael.

Faraor, níor lean Solamh air ag gníomhú de réir eagna Iehova. Ag déanamh neamhaird d’ordú Dé, phós sé na céadta ban, ina measc mná a bhí ag adhradh déithe eachtrannacha. De réir a chéile chlaon na mná seo a chroí ó Iehova agus thosaigh sé ag adhradh na n-íol. Dúirt Iehova le Solamh go stróicfí páirt dá ríocht as a lámha. Ní fhágfaí sa chlann ach cuid di, a dúirt Dia, as ucht athair Sholaimh, Dáiví. In ainneoin gur thréig Solamh é, d’fhan Iehova dílis don chonradh Ríochta a rinne sé le Dáiví.

—Bunaithe ar 1 Ríthe caibidil 1 go 11; 2 Croinicí caibidil 1 go 9; Deotranaimí 17:17.