Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 15

Cén Chaoi a bhfreastalaíonn na seanóirí ar an bpobal?

Cén Chaoi a bhfreastalaíonn na seanóirí ar an bpobal?

An Fhionlainn

Ag Múineadh

Ag Aoireacht

Ag Craobhscaoileadh

Níl aon chléir ar thuarastal againn inár n-eagraíocht. Ina ionad sin, ceaptar seanóirí cáilithe chun aoireacht a dhéanamh ar thréad Dé, faoi mar a ceapadh nuair a bunaíodh an pobal Críostaí ar dtús. (Gníomhartha 20:28) Is fir a bhfuil cáilíochtaí spioradálta acu iad na seanóirí. Tugann siad ceannaireacht i ghnóthaí an phobail agus déanann siad aoireacht, ní “le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht.” (1 Peadar 5:1-3) Cén obair a dhéanann siad ar ár son?

Tugann siad aire dúinn agus coinníonn siad súil orainn. Tugann na seanóirí treoir agus cabhair chun an pobal a chosaint go spioradálta. Tuigeann siad gurb é Dia a chuireann an cúram seo orthu, agus dá bhrí sin ní chuireann siad a dhaoine faoi chois, ach oibríonn siad ar son ár leasa. (2 Corantaigh 1:24) Cosúil leis an aoire a thugann aire go díograiseach do gach caora dá bhfuil aige, déanann na seanóirí a ndícheall aithne phearsanta a chur ar gach ball den phobal.—Seanfhocail 27:23.

Múineann siad dúinn le toil Dé a dhéanamh. Stiúrann na seanóirí cruinnithe an phobail gach seachtain chun ár gcreideamh a neartú. (Gníomhartha 15:32) Chomh maith leis sin tugann na fir dhílse seo ceannaireacht i gcraobhscaoileadh an dea-scéil, ag obair linn agus ár n-oiliúint i ngach uile ghné den obair sin.

Tugann siad spreagadh pearsanta dúinn. Chun cabhrú linn ár gcaidreamh pearsanta le hIehova a neartú, tugann na seanóirí áitiúla cuairt orainn sa mbaile, nó ag an Ríocht-halla chun cúnamh nó sólás a thabhairt dúinn ó na Scrioptúir.—Séamas 5:14, 15.

Chomh maith leis an obair a dhéanann siad sa bpobal, tá an chuid is mó de na seanóirí ag saothrú a mbeatha agus tá cúraimí teaghlaigh orthu, rudaí a thógann cuid mhaith ama. Tá ár meas tuillte ag na fir seo atá ag obair go crua ar ár son.—1 Teasalónaigh 5:12, 13.

  • Céard a dhéanann seanóirí an phobail?

  • Cén chaoi a léiríonn na seanóirí go bhfuil suim phearsanta acu ionainn?