Ná bac leis seo

Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Alcól? An Peaca é a Ól?

Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Alcól? An Peaca é a Ól?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní peaca alcól a ól go measartha. Cuirtear síos sa mBíobla ar fhíon mar bhronntanas ó Dhia atá in ann an saol a dhéanamh níos taitneamhaí. (Salm 104:14, 15; Cóheilit 3:​13; 9:7) Tugtar le fios sa mBíobla go bhfuil braon fíona go maithe don tsláinte.​—1 Tiomóid 5:​23.

 D’ól Íosa fíon nuair a bhí sé ar an talamh. (Matha 26:29; Lúcás 7:​34) D’iompaigh Íosa uisce ina fhíon go miorúilteach mar bhronntanas flaithiúil ag bainis.​—Eoin 2:​1-​10.

Contúirtí a bhaineann le hiomarca óil

 Cé go luann an Bíobla na rudaí maithe a bhaineann le fíon, cáineann sé an iomarca óil agus meisce. Mar sin, má roghnaíonn Críostaí alcól a ól ní ólfaidh sé é ach go measartha. (1 Tiomóid 3:8; Títeas 2:​2, 3) Tugann an Bíobla roinnt cúiseanna ar chóir an iomarca óil a sheachaint.

Cé mhéad atá iomarcach?

 Tá an iomarca alcóil ólta ag duine nuair a chuireann a chuid ólacháin é féin nó daoine eile i gcontúirt. De réir an Bhíobla, ní chaithfidh duine a bheith leagtha amach ag ól le bheith ar meisce. Tá duine ar meisce nuair atá mearbhall óil air, nuair atá dhá thaobh an bhóthair aige, nuair atá sé ag éirí teasaí, nó ag mungailt a chuid cainte. (Iób 12:25; Salm 107:27; Seanfhocail 23:29, 30, 33) Fiú amháin iad siúd a sheachnaíonn meisce is féidir leo a “gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne” agus toradh tromchúiseacha a bheith ar dhá bharr.​—Lúcás 21:34, 35.

Staonadh go hiomlán ón ól

 Tugann an Bíobla le fios go bhfuil uaireanta ann ar chóir do Chríostaithe staonadh ón ól:

  •   Dá gcuirfeadh sé daoine eile i mbealach a mbascadh.​—Rómhánaigh 14:21.

  •   Má sháraíonn ólachán alcóil dlí na tíre.​—Rómhánaigh 13:1.

  •   Murar féidir le duine a chuid óil a iompar. Ní mór dóibh siúd atá ag fulaingt ó alcólacht agus cineálacha eile mí-úsáide alcóil a bheith toilteanach athruithe suntasacha a dhéanamh.​—Matha 5:​29, 30.