Ná bac leis seo

Ar Úsáid Dia Éabhlóid Chun Gach Uile Dhúil Bheo a Chruthú?

Ar Úsáid Dia Éabhlóid Chun Gach Uile Dhúil Bheo a Chruthú?

Freagraíonn an Bíobla

 Níor úsáid. Deir an Bíobla go soiléir gur chruthaigh Dia an duine chomh maith le “cineálacha” éagsúla ainmhithe agus plandaí. a (Geineasas 1:12, 21, 25, 27; Apacailipsis 4:11) Shíolraigh an cine daonna ó Ádhamh agus Éabha, ár gcéad tuismitheoirí. (Geineasas 3:20; 4:1) Ní thugann an Bíobla aon tacaíocht de theoiric na héabhlóide, ná níl sé ráite ann gur úsáid Dia éabhlóid chun na cineálacha éagsúla beatha a chruthú. Aontaíonn an Bíobla leis na heolaithe a deir go dtarlaíonn éagsúlacht i ngach cineál dúil bheo.

 Ar úsáid Dia éabhlóid?

 Tá tuairimí difriúil ag daoine a chreideann san éabhlóid faoi na bealaí a d’úsáid Dia chun na cineálacha éagsúla beatha a chruthú. De réir an Encyclopædia Britannica, ‘tá roghnú nádúrtha ar cheann de na bealaí a stiúrann Dia an nádúr.’

 Creideann daoine freisin:

  •   Gur tháinig gach dúil bheo ó shinsearach coiteann san am a caitheadh.

  •   Gur féidir le cineál nó dúil bheo amháin athrú isteach i gcineál eile atá éagsúil ar fad uaidh féin. Mar shampla, moncaí ag athrú isteach ina dhuine.

  •   Go bhfuil Dia freagrach as an bpróiseas seo i ndeireadh na dála.

 An bhfuil an éabhlóid ar aon dul leis an mBíobla?

 Tá an coincheap a bhaineann le teoiric na héabhlóide ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil an cuntas i nGeineasas cruinn amach is amach. Ach, thagair Íosa den chuntas i nGeineasas mar fhíric stairiúil. (Geineasas 1:26, 27; 2:18-24; Matha 19:4-6) Deir an Bíobla gur mhair Íosa ar neamh in éineacht le Dia sular tháinig sé chun na talún agus go raibh sé in éineacht leis nuair a bhí sé ag cruthú gach “uile ní.” (Eoin 1:3) Mar sin, ní mhúineann an Bíobla gur úsáid Dia éabhlóid chun gach uile dhúil bheo a chruthú.

 Céard faoin gcumas atá ag plandaí athruithe a dhéanamh de réir mar atá oiriúnach dá dtimpeallacht?

 Ní dhéanann an Bíobla cur síos ar an éagsúlacht a d’fhéadfadh tarlú ó thaobh póire de, laistigh de chineál nó de speiceas. Aontaíonn sé leis an bhfíric gur féidir le hathrú a theacht ar ainmhí agus ar phlandaí atá cruthaithe ag Dia de réir mar atá siad ag síolrú nó de bharr a dtimpeallachta. Cé go bhfuil daoine den tuairim gur cineál éabhlóid ann féin iad na hathruithe seo, níl aon dúil bheo nua cruthaithe sa bpróiseas seo.

a Úsáideann an Bíobla an focal “cineál,” focal a bhfuil míniú i bhfad níos leithne fós leis ná an focal “speiceas” a úsáideann na heolaithe. Go minic, nuair a deir eolaithe go bhfuil speiceas nua tagtha chun cinn, tá siad ag tagairt do phór de chineál eile laistigh den chineál nó den speiceas céanna mar a luaitear i Geineasas.