Ná bac leis seo

Céard í Ríocht Dé?

Céard í Ríocht Dé?

Freagraíonn an Bíobla

 Is rialtas í Ríocht Dé atá bunaithe ag Dia. Tugann an Bíobla “ríocht na bhflaitheas” ar “ríocht Dé” freisin mar gheall go rialaíonn sí ó na flaithis. (Marcas 1:14, 15; Matha 4:17) Tá go leor de na tréithe céanna aici is atá ag rialtais dhaonna, ach tá sí níos fearr ná iad ar chuile bhealach.

  •   Rialtóirí.Íosa Críost tofa ag Dia le bheith ina Rí ar an Ríocht agus tá níos mó údaráis tugtha aige dó ná a d’fhéadfadh a bheith ag aon rialtóir daonna choíche. (Matha 28:18) Úsáideann Íosa a chumhacht i gcónaí chun an mhaith a dhéanamh, agus tá sé cruthaithe cheana féin aige go bhfuil sé truachroíoch agus gur féidir brath air mar Cheannaire. (Matha 4:23; Marcas 1:40, 41; 6:31-34; Lúcás 7:11-17) Faoi threoir Dé, roghnaigh Íosa daoine as gach náisiún le bheith in éineacht leis sna flaithis ag rialú na talún.—Apacailipsis 3:21; 5:9.

  •   Achar. Ní fearacht rialtais dhaonna é, a thagann agus a imíonn, is rialtas í Ríocht Dé “nach scriosfar choíche.”—Dainéil 2:44.

  •   Géillsinigh. Is féidir le haon duine a dhéanann toil Dé, is cuma cé as é ná cár rugadh é, a bheith ina ghéillsineach ag Ríocht Dé.—Gníomhartha 10:34, 35.

  •   Dlíthe. Déanann dlíthe Ríocht Dé níos mó ná bac a chur ar dhrochiompar. Cuireann siad feabhas ar charachtar morálta a géillsinigh. Mar shampla, deir an Bíobla: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’—is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’” (Matha 22:37-39) Mar gheall go bhfuil grá ag géillsinigh na Ríochta do Dhia agus dá gcomharsana, spreagann sé iad chun an mhaith a dhéanamh do dhaoine eile.

  •   Oideachas. Ní hé amháin go leagann Ríocht Dé síos caighdeáin arda dá géillsinigh, ach múineann sí dóibh freisin leis na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm.—Íseáia 48:17, 18.

  •   Cuspóir. Ní chuireann Ríocht Dé le saibhreas a cuid rialtóirí trí leatrom a imirt ar a cuid géillsinigh. Ina ionad sin, comhlíonfaidh sí gealltanais Dé. Ina measc tá an gealltanas go mairfidh gach a bhfuil grá acu do Dhia go deo sa bparthas ar talamh.—Íseáia 35:1, 5, 6; Matha 6:10; Apacailipsis 21:1-4.